Maidir Linn

Seoladh an seirbhís deisighdoshraid ar an 2ú Lunasa 2011 áit a feidir leat tuairisc a chuir ag do Chomhairle áitúil. Ón 25ú Bealtaine 2012 tá deisighdoshraid le fáil i gComhairle Contae na Gaillaimhe, Comhairle Átha Cliath agus Comhairle Contae Átha Cliath Theas

Is suíomh Gréasáin poiblí atá ann ar a bhfuil teicneolaíochtaí soghluaiste gaolmhara inarféidir ceisteanna nach cásanna éigeandála iada chur in iúl don údarás áitiúil, ceisteanna cosúil le graifítí, lochtanna bóthair nó cosáin, fadhbanna le soilsiú sráide, sceitheanna uisce/fadhbanna draenála, bruscar agus dumpáil neamhdhleathach.  Mar a ghealltar sa Chlár Rialtais, beidh freagra ar aon cheist a ardaítear ar 'DeisighdoShráid.ie' taobh istigh de dhá lá oibre.  Tabharfaidh oifigeach ón Chomhairle an freagra seo.

Cén áit a bhfuil an coras i bhfeidhm?

Faoi lathair tá sé le fail i gComhairle Contae na Gaillaimhe, Comhairle Átha Cliath agus Comhairle Contae Átha Cliath Theas.

Céard é an lipéad 'béite' atá ar an suíomh?
Toisc gur clár píolótach é deisighdoshráid, tá stádas 'béite' air, rud a chiallaíonn go hiondúil gur seirbhís é atá á forbairt i dtimpeallacht oibre.  Mar gheall ar an fheidhmiúlacht seo, is féidir go n-athrófar seirbhísí atá ar fail nó go bhforbrófar iad chun leibhéal ardmhiantana seirbhíse seo a bhaint amach.

Sonraí Oscailte
Tá 'deisighdoshráid.ie' tógtha ar theicneolaíocht foinse oscailte agus éascaíonn sé oscailteacht agus trédhearcacht trí gach ceist a chuirtear trí 'deisighdoshráid.ie' agus an dul chun cinn a dhéanann sé a choinneáil san fhearann poiblí agus is féidir le haon duine teacht air tríd an suíomh Gréasáin. Toisc go bhfuil an tseirbhís oscailte – a phléann le heolas neamhphearsanta amháin, beidh tríú páirtithe saor chun anailís agus idirgníomhnú a dhéanamh leis an tseirbhís agus an t-eolas ar a ndéantar tuairisciú air ar an chóras.  Dóibh siúd le hintinn teicneolaíochta, tá API (comhéadan feidhmchláir) ar fáil chun idirgníomhnú a dhéanamh leis an tseirbhís ar bhealach structúrtha.